- Collections
About Collections
The Library provides access to all sorts of information resources to support your learning and research. You can search all of the library's collections through the Library Catalogue, or get more information on each type of information resource and how it might be useful to your studies below.
- Using the Library
Find your way
Learn more about the Library as a physical place, find top tips and answers to frequently asked questions (FAQ), find out about the study spaces and services available in the Main, Medical and Nursing & Midwifery Libraries, and if you are not a student or staff member of NUI Galway, you can find out here how to access the Library.
- Help
We're here to help
Library staff provide support, help, and training to enable you to get to grips with the literature of your subject and the Library's resources. We have staff with expertise on information resources in your subject area.
Get help from the Library with your studies, research, or teaching
- Digital Scholarship
Digital Scholarship
The Library welcomes opportunities to advance our Digital Scholarship. Our areas of contribution include content, technology, infrastructure, partnership and the practice-based expertise in our team.
- Search
Search
A single search interface to all collections and content, both physical and digital. It's quick, user-friendly, and a personalised discovery experience.
- About
Léirmheas ar Leabhar
Léirmheas ar an leabhar Leabhar Gramadaí Gaeilge le Nollaig Mac Congáil
Aonghus Ó Flatharta
Ní féidir a shéanadh ach gur leabhar fiúntach é Leabhar Gramadaí Gaeilge le Nollaig Mac Congáil d’fhoghlaimeoir ar bith atá ag iarraidh a chaighdeán Gaeilge a fheabhsú. Cé acu dianchúrsa gramadaí atá uait nó díreach corrthagairt gramadaí anseo is ansiúd, is féidir leis an leabhar seo freastal ar riachtanais foghlaimeora ar bith. Tá idir théarmaíocht agus rialacha gramadaí le fáil sa leabhar chomh maith le treoir chun an Béarlachas a sheachaint ag deireadh an leabhair agus tú ag aistriú téacs. Léiríonn an leabhar seo gur saineolaí géarchúiseach é Mac Congáil a bhfuil ar a chumas gramadach na Gaeilge a mhíniú ar bhealach soiléir, éifeachtach. Is fiú go mór socthumadh isteach sa leabhar agus cur síos a dhéanamh ar na gnéithe is láidre den leabhar.
Ar an gcéad spléachadh, is beag atá ceannródaíoch faoin ábhar atá sa leabhar féin, ach tá sé nuálach sa réimse cúng seo mar gur féidir dul i ngleic leis an ábhar céanna gan stró mar go bhfuil míreanna gramadaí agus míniú Mhic Congáil orthu, bunaithe ar a bhfuil i bhFoclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill. Dá dheasca seo, feictear gurb é leagan amach simplí an leabhar agus na gcaibidilí, araon, a thugann an-chuid sóláis do dhuine ar bith atá ar thóir eolais go rialta agus ar mian leis/léi foirfeacht ghramadaí a bhaint amach. Leagtar amach an leabhar ar bhealach intuigthe atá fabhrach chun foghlama mar go bhfuil eilimintí na teanga eagraithe san ord ceart. Toradh ar an leagan amach seo ná go mbeidh foghlaimeoir in ann dul chun cinn suntasach a dhéanamh sa phróiseas foghlama agus é ag iarraidh smacht agus eagar a chur ar a c(h)uid Gaeilge féin. Dá bharr seo, feictear go gcuirfidh an leagan amach seo ar bhealach do leasa thú dá mbeadh cúrsaí imithe in agar ort. Deirtear go bhfuil gach uile dhuine ar thuras foghlama agus is áis í an leabhar seo chun fad an aistir seo a ghearradh go mór.
Mar sin féin, ní bhíonn saoi gan locht agus tá sé beagnach dhá bhliain déag ó scríobhadh an sárleabhar seo. Seans go mbeidh gá le h-atheagrán gan mhoill mar go bhfuil an oiread sin ama imithe ó cuireadh an leabhar i gcló. In ainneoin seo, is deacair saothar Mhic Congáil a shárú. Comhlíonann an leabhar seo riachtanais lucht labhartha agus scríofa na Gaeilge, agus mura bhfuil tú ar do shócúlacht ag léamh téarmaíocht ghramadaí as Gaeilge, is féidir leagan Béarla a fháil go héasca chomh maith ar líne agus sna siopaí leabhair.
Ruppo-Malone, Irina
Academic Writing Centre Manager
Email: irina.ruppo@nuigalway.ie
Tel: +353 91495697






