Show simple item record

dc.contributor.advisorÓ Giollagáin, Conchúr
dc.contributor.advisorAntonijevic-Elliott, Stanislava
dc.contributor.authorLenoach, Ciarán
dc.date.accessioned2014-10-16T15:04:19Z
dc.date.available2014-10-16T15:04:19Z
dc.date.issued2014-08-08
dc.identifier.urihttp://hdl.handle.net/10379/4645
dc.description.abstractAnailís atá sa taighde seo ar fhaisnéis a taifeadadh ó dhátheangaithe óga i gceithre aoisghrúpa sa Ghaeltacht chomhaimseartha. Léiríonn an staidreamh, na samplaí teangeolaíochta agus an anailís sochtheangeolaíochta go n-imríonn sealbhú an Bhéarla mar dhara teanga (T2) tionchar dealaitheach ar shealbhú na Gaeilge mar chéad teanga (T1) i measc chainteoirí óga na Gaeltachta. Is sealbhú neamhiomlán a dhéanann daoine óga ar an nGaeilge mar chéad teanga ach sealbhú iomlán ar an mBéarla mar dhara teanga. De réir mar a théann na cainteoirí in aois, is forás mall a thagann ar shealbhú na Gaeilge agus forás bisiúil tréan ar shealbhú an Bhéarla. Is sna blianta idir aois 4 agus aois 8 is mó atá an chodarsnacht idir shealbhú an dá theanga le sonrú sa taighde seo. Is ag aois 8, thar aon aois eile, atá an acmhainn is ísle ar an nGaeilge i gcomparáid leis an mBéarla, de réir na faisnéise. Cé gur sealbhú neamhiomlán a dhéantar ar an nGaeilge, is teanga mhaitríse ag na faisnéiseoirí i gcónaí í. Leis na bearnaí sa Ghaeilge a líonadh, tarraingíonn na cainteoirí ar fad i ngach aoisghrúpa ar struchtúir Bhéarla. Tá an fhorbairt léacsach ar cheann de phríomhshlata tomhais an taighde agus léiritear ann go gcúitítear easnaimh san fhoclóir bunúsach Gaeilge le focail Bhéarla. Léirítear impleacht an easnaimh sin sa chomhghaolúchán suaithinseach idir sealbhú foclóra Gaeilge agus cumas gramadaí sa Ghaeilge. Léirítear sa taighde freisin go bhfuil an phragmataic Ghaeilge agus an Ghaeilge Thraidisiúnta nach mór mífheidhmiúil go sóisialta i bhfianaise an chódmheasctha aontreoch a bheith fite go dlúth i dteanga mhaitríse na Gaeilge. I bhfianaise fhorfheidhmiúlacht shóisialta an Bhéarla sa saol sár-iarnua-aoiseach, ní léir go bhfuil sé d'acmhainn shocheolaíoch ag an bpobal Gaeilge sa Ghaeltacht cur in aghaidh imtharraingt na mórtheanga agus shealbhú neamhiomlán na Gaeilge.en_US
dc.subjectDátheangachasen_US
dc.subjectBilingualismen_US
dc.subjectSubtractive incomplete acquisitionen_US
dc.subjectFirst languageen_US
dc.subjectL1en_US
dc.subjectAn Roinn Teiripe Urlabhra agus Teangaen_US
dc.subjectScoil na nEolaíochtaí Sláinteen_US
dc.titleSealbhú neamhiomlán na Gaeilge mar chéad teanga sa dátheangachas dealaitheachen_US
dc.typeThesisen_US
dc.contributor.funderAn Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochtaen_US
dc.local.noteAnalysis of young bilinguals' acquisition of Irish and English in the Gaeltacht, where Irish is their first language. Results show that their acquisition of and their ability in English surpasses their acquisition of and their ability in Irish from age 4 through to adulthood.en_US
dc.local.finalYesen_US
nui.item.downloads523


Files in this item

Attribution-NonCommercial-NoDerivs 3.0 Ireland
This item is available under the Attribution-NonCommercial-NoDerivs 3.0 Ireland. No item may be reproduced for commercial purposes. Please refer to the publisher's URL where this is made available, or to notes contained in the item itself. Other terms may apply.

The following license files are associated with this item:

Thumbnail

This item appears in the following Collection(s)

Show simple item record